| |
Rannán
de chuid Granada Media Group is ea Granada Learning. Bunaithe sa
Ríocht Aontaithe, tá Granada Learning tar éis a bheith chun tosaigh
maidir le bogearraí oideachais ardchaighdeáin, atá bunaithe go daingean
sa churaclam, a fhorbairt agus a fhoilsiú. Is mó múinteoir agus
dalta in Éirinn a bhfuil cur amach acu cheana féin ar raon Granada.
Is é an clár nua seo, Young Writer's Workshop / An Scríbhneoir Óg,
áfach, an chéad chlár ina bhfuil an Ghaeilge agus ábhar sonraitheach
atá bunaithe ar an nGaeilge. Ag aithint dóibh ghealltanas an Rialtais
an teicneolaíocht faisnéise sna scoileanna a fhorbairt, le tionscnamh
Theicneolaíocht Faisnéise 2000, tá Granada Learning tar éis aontú,
i gcomhar lena gcomhpháirtithe in Éirinn, raon leathan bogearraí
a bhronnadh ar Ionaid Oideachais ar fud na hÉireann. Is mó ná £250,000
luach iomlán an ábhair seo.
Mal Hilton
Tá 26 bliana caite ag Mal Hilton leis an oideachas sa Ríocht Aontaithe
agus faoi láthair is Stiúrthóir Idirnáisiúnta agus Gnó Nua le Granada
Learning é, bunaithe i Manchain. Agus é ag onnmhairiú chuig breis
is 32 thír ar fud na cruinne, ba é Mál a thiomáin ar aghaidh na
comhfhiontair a raibh de thoradh orthu gur tairgeadh leaganacha
Gaeilge, Breathnaise agus Ollainnise de roinnt de theidil CD-ROM
Granada Learning a bhfuil tóir mhór orthu. Tá Mal ag obair faoi
láthair ar thionscadail logánaithe sa Ghréig, sa tSín agus i Meiriceá
Thuaidh.
Rob Parker
Le cúig bliana déag anuas, tá Rob Parker ag obair le múinteoirí
chun an teicneolaíocht a shníomh isteach in obair an tseomra ranga.
Le cúig bliana anuas, tá Rob ag obair mar chomhairleoir sinsearach
le Granada Learning agus é ag cuidiú le múinteoirí agus Údaráis
Áitiúla Oideachais an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint as
an raon cuimsitheach ábhair don seomra ranga atá ag Granada Learning.
|