| |
Bunaíodh an Lárionad Náisiúnta um Theicneolaíocht san Oideachas
Márta 1998 faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Tá raon leathan freagrachtaí ar an Lárionad maidir leis na teicneolaíochtaí
faisnéise agus cumarsáide (TFC) san oideachas, raon is leithne ná
úsáid TFC sna scoileanna amháin agus a chlúdaíonn gach saincheist
TFC san oideachas. Is iad na príomchúraimí atá air ná bainistiú
a dhéanamh ar chur i ngníomh thionscnamh an Rialtais, Teicneolaíocht
Faisnéise 2000 do na Scoileanna, agus comhairle i dtaobh polasaí
a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ar na príomhthionscnaimh
atá acu, tá: oiliúint a chur ar mhúinteoirí maidir le TFC a úsáid;
foinsí d’acmhainní teagaisc a aimsiú agus a fhorbairt; bainistiú
a dhéanamh ar thionscnaimh nuálacha TFC ar scoil; suíomh gréasáin
náisiúnta le haghaidh an oideachais a fhorbairt agus úsáid TFC i
gcomhair riachtanas speisialta oideachais a éascú. Rinne an Lárionad
maoirsiú ar chéim a haon de Teicneolaíocht Faisnéise 2000 do na
Scoileanna, lenar dáileadh deontais £25m ar bhunscoileanna agus
ar iarbhunscoileanna chun cuidiú leo a mbonneagar TFC agus a n-acmhainní
teagaisc a fhorbairt. Tugadh maoiniú breise £81m le haghaidh Teicneolaíocht
Faisnéise 2000 do na Scoileanna chun céim a dó den tionscadal spreagúil
seo a chur i bhfeidhm. Clocha míle tábhachtacha ar an mbóthar *
Tá 75% de na múinteoirí go léir tar éis cúrsaí saindírithe ar TFC
agus a n-úsáid sa seomra ranga a dhéanamh. * Tá 76 thionscadal ina
bhfuil 360 scoil páirteach faoi lán seoil. Clúdaíonn na tionscadail
formhór na réimsí ar an gcuraclam. * Tá 20 comhairleoir TFC lánaimseartha
ceaptha chun cuidiú le scoileanna ar fud na tíre agus comhairle
a chur ar fáil dóibh. * Bunaíodh an suíomh gréasáin oideachais ScoilNet.
Oibríonn an Lárionad i ndlúthchomhar le foilsitheoirí bog-earraí
agus soláthróirí ábhair dhigitigh chun ábhar digiteach ardchaighdeáin
a chur ar fáil do mhúinteoirí na hÉireann – ar CD-ROM agus ar an
ngréasán domhanda (WWW).
|