| |
Is é FORAS NA GAEILGE an comhlacht nua atá freagrach as an nGaeilge
a chur chun cinn ar fud oileán iomlán na hÉireann. I gComhaontú
Aoine an Chéasta dúradh go mbunófaí comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas
chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce
an chomhlachta sin, cuirfidh Foras na Gaeilge na freagrachtaí ainmnithe
uile a bhaineann leis an nGaeilge i gcrích. Séard atá i gceist leis
sin labhairt agus scríobh na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa
Deisceart i réimsí poiblí agus i réimsí príobháideacha, agus i dTuaisceart
Éireann i gcás a bhfuil éileamh cuí ann i gcomhthéacs chuid a trí
den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.
|